Leis an Ardteistiméireacht agus deireadh na scolaíochta ag teannadh leo, laghdaítear rannpháirtíocht déagóirí i ngníomhaíochtaí cultúrtha

Taispeánann taighde nua a foilsíodh inniu (24/11/20), a rinne ESRI agus a mhaoinigh an Chomhairle Ealaíon, nach mbíonn an oiread baint ag daoine óga le gníomhaíochtaí cultúrtha agus iad ag ullmhú don Ardteistiméireacht agus ag fágáil na scoile. Ach sonraí ón staidéar Ag Fás Aníos in Éirinn a úsáid, léirítear sa tuarascáil laghdú ar an léitheoireacht mar chaitheamh aimsire agus ceachtanna ceoil/drámaíochta/damhsa a dhéanamh idir 13 agus 17 mbliana d’aois.

Léiríonn na torthaí difríochtaí suntasacha de réir inscne agus cúlra teaghlaigh. Is mó seans go léifidh mná óga ná fir óga mar chaitheamh aimsire, go rachaidh siad i mbun ceoil (amhránaíocht/uirlis a sheinm) agus go nglacfaidh siad páirt i ngníomhaíochtaí cultúrtha struchtúrtha (mar shampla clubanna ceoil/drámaíochta). Is mó seans go gcaithfidh fir óga am ag imirt cluichí ríomhaire. Is dóichí go mbeidh daoine óga ó theaghlaigh atá go maith as (le tuismitheoirí le céimeanna nó i bpoist ghairmiúla / bhainistíochta) ag léamh, ag déanamh ceoil agus ag glacadh páirte i ngníomhaíochtaí cultúrtha struchtúrtha, agus is lú seans go mbeidh baint acu leis an gcultúr digiteach (mar shampla cluichí ríomhaire agus féachaint ar an teilifís, go háirithe i rith na seachtaine).

Cuireann an léitheoireacht mar chaitheamh aimsire agus rannpháirtíocht i gclubanna ceoil/drámaíochta leis an gcaoi a n-éiríonn le daoine óga ar scoil. Mar sin is dócha go gcuirfidh rannpháirtíocht éagothrom sna healaíona agus sa chultúr leis an neamhionannas oideachasúil.

Áirítear na nithe seo a leanas leis na príomhthorthaí eile:

  • Is iad na gníomhaíochtaí cultúrtha is coitianta a dtéann daoine óga ina mbun cúpla uair sa tseachtain chun spraoi a bhaint astu nó a scíth a ligean ná éisteacht le ceol (87 faoin gcéad), surfáil ar an idirlíon (86 faoin gcéad) agus amhránaíocht/uirlis a sheinm (23 faoin gcéad).
  • Déanann níos lú ná duine as gach seisear (14 faoin gcéad) de dhaoine óga léitheoireacht mar chaitheamh aimsire cúpla uair sa tseachtain.
  • Ghlac beagnach an ceathrú cuid (23 faoin gcéad) de dhaoine 17 mbliana d'aois páirt i gclubanna/grúpaí/cleachtaí ealaíne, drámaíochta, damhsa nó ceoil sa bhliain roimh an suirbhé.
  • Caitheann formhór mór na ndaoine óga roinnt ama ar a laghad ag féachaint ar an teilifís/ar scannáin, agus méadaítear an cion a fhéachann ar an teilifís ar feadh dhá uair an chloig nó níos mó sa lá beagnach faoi dhó ag an deireadh seachtaine (go dtí 37 faoin gcéad). Imríonn níos lú ná leath na ndaoine óga cluichí ríomhaire go rialta, agus méadaítear an t-am a chaitear i mbun na cluichíochta ag an deireadh seachtaine freisin (agus 9 faoin gcéad ag caitheamh dhá uair an chloig nó níos mó in aghaidh an lae ina bun i rith na seachtaine agus méadaítear an cion sin go 18 faoin gcéad ag an deireadh seachtaine).
  • Tá laghdú an-mhór sa léitheoireacht mar chaitheamh aimsire le himeacht ama; méadaíonn an céatadán nach léann riamh ó 19 faoin gcéad ag 13 bliana go 53 faoin gcéad ag 17 mbliana d’aois.

Is réimse tábhachtach iad scoileanna chun rochtain a fháil ar na healaíona agus ar an gcultúr:

  • Braitheann rochtain daoine óga ar roinnt gníomhaíochtaí cultúrtha (mar shampla ealaín nó ceol mar ábhair scoile nó cór nó drámaíocht tar éis na scoile) ar an gcineál scoile ar a bhfreastalaíonn siad.
  • Is mó seans go gcuirfear ealaín agus ceol ar fáil don Ardteistiméireacht agus go soláthrófar raon níos leithne de ghníomhaíochtaí cultúrtha seach-churaclaim (mar shampla cór agus teagasc uirlisí ceoil) i scoileanna móra, i scoileanna ina mbíonn táillí le híoc agus i scoileanna lán-chailíní.
  • Tá sé chomh dóchúil céanna go gcuirfidh scoileanna atá ag freastal ar phobail atá níos mó faoi mhíbhuntáiste (scoileanna DEIS) agus scoileanna nach scoileanna DEIS iad gníomhaíochtaí cultúrtha seach-churaclaim ar fáil, rud a chabhraíonn leis an mbearna sa rannpháirtíocht chultúrtha a laghdú. Chuir daoine óga a d’fhreastail ar scoileanna DEIS béim mhór freisin ar thábhacht na healaíne agus an chultúir ina saol agus léirigh siad an chaoi ar chuidigh scoileanna leo pléisiúr a bhaint as an gcultúr.

Dúirt Emer Smyth, údar na tuarascála an méid seo a leanas: “Baineann na torthaí seo le saol daoine óga roimh phaindéim Covid-19. Bhí baint níos lú ag daoine óga leis na healaíona cheana féin agus iad ag dul in aois. Tá baol dáiríre ann go gcuirfidh dúnadh na scoileanna níos luaithe sa bhliain dlús leis an laghdú sin, go háirithe i gcás grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste. Tá sé tábhachtach mar sin nach ndéantar dearmad ar ghníomhaíochtaí seach-churaclaim agus scoileanna ag dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le timpeallacht shábháilte foghlama a sholáthar. "

Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon an méid seo a leanas:

“Tugann torthaí an taighde ábhar machnaimh dúinn. B’fhéidir nach ábhar iontais é an meath ar rannpháirtíocht nuair a dhéanaimid machnamh ar sceidil ghnóthacha daoine óga atá ag ullmhú don Ardteistiméireacht nó ag dul isteach i saol na hoibre. Mar shochaí, áfach, an bhfuil go leor ama, spáis agus spreagtha á gcur ar fáil againn chun daoine óga a spreagadh, chun go mbeidh siad in ann iad féin a chur in iúl agus páirt a ghlacadh i saol na n-ealaíon agus sa saol cultúrtha ag an bpointe ríthábhachtach seo ina saol?

In ainneoin an laghdú sa rannpháirtíocht, ghlac beagnach an ceathrú cuid de dhaoine a bhí 17 mbliana d'aois páirt i gclubanna/grúpaí/cleachtaí ealaíne, drámaíochta, damhsa nó ceoil sa bhliain roimh an suirbhé. Taispeántar sa taighde freisin go bhfuil leibhéil sástachta saoil níos airde nuair a dhéanann daoine óga ceol go rialta, nuair a théann siad chuig an bpictiúrlann agus nuair a bhíonn baint acu le clubanna nó ceachtanna ceoil/drámaíochta. Ní mór dúinn smaoineamh go cúramach ar an gcaoi a bhfuil Covid-19 ag dul i bhfeidhm ar rochtain daoine óga ar na gníomhaíochtaí sin.

Soláthraítear leis na sonraí ó Ag Fás Aníos in Éirinn faisnéis faoi dhaoine óga atá ag dul i mbun ealaíne agus ceoil sa tsraith shinsearach. Ach níl ansin ach cuid amháin den phictiúr. Níl go leor foirmeacha ealaíne ar fáil do dhaoine óga ach mar ghníomhaíochtaí seach-churaclaim, agus tá ciorrú tromchúiseach orthu sin faoi láthair. Maidir leis an gceathrú cuid de dhaoine óga a ghlacann páirt sna gníomhaíochtaí sin, agus a bhaineann taitneamh astu, conas atá sé ag dul i bhfeidhm orthu go bhfuil na gnéithe ríthábhachtacha sin dá saol in easnamh anois? Maidir leo siúd ar mian leo dul ar aghaidh chuig ardoideachas agus tabhairt faoin gcleachtas ealaíon, réimsí nach ndéantar freastal iomlán orthu laistigh de churaclam na scoile, mar shampla damhsa, cad iad na himpleachtaí dá gcuid foghlama agus forbartha?